Elton John

Is amhránaí, pianódóir agus cumadóir Sasanach é Sir Elton Hercules John (a rugadh ar an 25 Márta, 1947), a bhfuil rath agus ómós domhanda bainte amach aige le níos mó ná 450 milliúin ceirnín díolta aige. Tá 30 albam seolta aige lena chomhoibrí cumadóireachta - an liriceoir Bernie Taupin - ón bhliain 1967 i leith.

Saolaíodh Elton John i bPinner, baile beag den lucht oibre in iarthuaisceart na príomhchathrach. Bhí dúil mhór aige sa cheol ón chliabhán agus d'fhoglaim sé a cheird ar phianó an tí. Agus an bhliain 1962 ann, chuaigh sé isteach ina chéad banna - grúpa rithim agus na gormacha darbh ainm Bluesology. Sa bhliain 1967, bhuail lena dhlúthchara agus comhchumadóir fad téarmach Bernie Taupin tar éis mír sa nuachtán ag lorg cumadóiri. Réitigh an bheirt lena chéile ón tús agus chaitheadar dhá bhliain ag cumadh amhrán d'amhránaithe amhail Lulu. Le linn na tréimhse céanna, bhí se thar a bheith gníomhach mar phianódóir ar ceirníní móra na seascaidí (The Hollies agus araile).

Scaoil John a chéad albam mar cheoltóir aonair (Empty Sky) sa bhliain 1969, agus b'é an rian "Your Song" óna dara halbam (Elton John) a shroich barr na gcairteacha sa bhliain ina dhiaidh. Chuaigh John i gcion ar ghlúin éagsúla nua sna 1990idí mar thoradh ar fhuaimrian an cartúin de chuid Disney The Lion King agus na ceoldrámaí Aida agus Billy Elliot the Musical. Tá iliomad duaiseanna buaite aige thar na blianta - Grammy, Tony agus Disney Legend.

Fear aerach pósta atá ann. Phós sé David Furnish sa bhliain 2005 agus tá beirt chlainne uchtaithe acu. Taobh amuigh den cheol, is fear mór peile é le fada an lae, agus na blianta caite aige ina chathaoirleach ar a chumann áitiúil Watford FC. Bronnadh uachtarántacht oinigh air sa bhliain 2005. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 20 results of 21 for search 'John, Elton,', am an iarratais: 0.07s Refine Results
1
le John, Elton
Foilsithe 1994

Scór Ceoil Leabhar
2
le John, Elton
Foilsithe 1993

Scór Ceoil Leabhar
3
le John, Elton
Foilsithe 1994

Scór Ceoil Leabhar
5
le John, Elton
Foilsithe 2001

Clos-Ábhar
6
le John, Elton
Foilsithe 1995

Clos-Ábhar
7
le John, Elton
Foilsithe 2019

Leabhar
8
le John, Elton, Zimmer, Hans
Foilsithe 2011

Neamhaithnid
9
le Ross, John (John Elton), 1926-
Foilsithe 1998

Leabhar
10
le Weifenbach, Terri
Foilsithe 2000
Údair Eile: ...John, Elton...

Leabhar
11
le Weifenbach, Terri
Foilsithe 2001
Údair Eile: ...John, Elton...

Leabhar
12
Foilsithe 2009
Údair Eile: ...John, Elton...

Scór Ceoil Leabhar
13
Foilsithe 2022
Údair Eile: ...John, Elton...

Leabhar
14
Foilsithe 1999
Údair Eile: ...John, Elton...

Leabhar
15
Foilsithe 2016
Údair Eile: ...John, Elton...

Leabhar
16
Foilsithe 2003
Údair Eile: ...John, Elton...

Neamhaithnid
17
le Emeritus
Foilsithe 1857
Údair Eile: ...Prower, John Elton Mervin, 1812?-1882...

Leabhar
18
Foilsithe 2000
Údair Eile: ...John, Elton...

Neamhaithnid
19
Foilsithe 2017
Údair Eile: ...John, Elton...

Neamhaithnid
20
Foilsithe 2015
Údair Eile: ...John, Elton...

Neamhaithnid